Chuaigh Cór na Scoile le haghaidh trialach don Late Late Toy Show an Luan seo caite. Bhí sceitimíní an domhain ar gach duine nuair a chualamar go mbeadh trialach againn don clár teilifís. Chanamar an t-amhrán ‘Someone you Loved’ le Lewis Capaldi agus ‘Can you Feel the Love Tonight’ le Elton John. Bhí an trialach ar siúl in Ostán Imperial sa chathair. Chuamar ann ar an mbus ar a deich a chlog. Bhíomar ag caitheamh geansaithe agus hataí na Nollag.
Bhuaileamar le Ryan Tubridy. Is duine cneasta, cáirdiúil agus greannmhar é. Bhí a lán daoine ó RTÉ ann. Bhí siad ag caint linn. Bhíomar ar an Nuacht ar RTÉ agus ar na páipéir nuachtáin go léir.
Chuamar isteach i seomra chun an t-amhrán a chanadh os comhair na moltóirí. D’eirigh go h-an mhaith linn mar bhíomar ag cleachtadh an maidin go léir. Bhí 5000 daoine ag glacadh páirt sa chomórtas ach ní raibh ach 100 ag dul le haghaidh trialach. Bhí an t-ádh linn chun a bheith phioctha amach. Ba lá iontach é. Ní dhéanfaimíd dearmad ar an lá sin go deo. Bíonn a lán daoine ag féachaint ar an Late Late Toy Show ar fud an domhain. Tá súil againn go mbeimís ann!
Tá an scríbhneoireacht seo déanta ag na buachaillí i rang a sé!