Beidh an Cluiche Ceannais Sciath na Scol ar siúl Dé Chéadaoin ar ceathrú tar éis a dó dhéag i bPáirc Uí Rinn. Imreoidh foireann na scoile in aghaidh Baile Nóra. D’imríomar in aghaidh Baile Nóra cheana féin i mbliana agus bhuamar an cluiche. Is foireann an-mhaith iad agus beidh orainn sár iarracht a dhéanamh chun an cluiche a bhuacaint! Níor chaill foireann peile na scoile aon cluiche riamh i mbliana. Tá sceitimíní an domhain orainn go léir. Táimíd ag tnúth go mór leis an cluiche agus táimíd saghas neirbhíseach freisin. Rachaidh gach dalta ó rang a 1 go dtí rang a 6 go dtí an cluiche. Tá bród an domhain ar gach dalta agus múinteoir as foireann na scoile. Josies abú!
Categories
Contact Us
- Follow St Joseph's NS on WordPress.com