Gaeilge

Frása an lae – Gaelchultúr

Frása an lae – Gaelchultúr – [1 -200] Youtube

WinGleacht

Sloinne.ie

Gaschaint

Séideán Sí

Gugalaí Gug

Rabhlaí Rabhlaí 1

Rabhlaí Rabhlaí 2

Rabhlaí Rabhlaí 3

Ící Pící

Ámhrain is fiche

A Stór is a Stóirín

COGG

seomraranga.com

cúla4

cartlann Nuacht RTÉ

NuachLitir Gaelchultúr

Amhrán na Miosa

Gaeilge ar an Ghréasán

Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil (2016)

Tá PDF den leabhar Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, a foilsíodh i mí Iúil 2016, ar fáil i bhfoirm dhigiteach, agus dá bhrí sin tá sé inchuardaithe ach “Control” agus “F” a úsáid. Chun teacht ar an leagan digiteach den fhoilseachán, cliceáil anseo. Tá sé riachtanach go mbeadh eolas mion ar an gCaighdeán ag gach duine a bhíonn ag scríobh na Gaeilge go rialta.

Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí

Is áis tagartha eile é Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, a céadfhoilsíodh i 1960 agus ar foilsíodh atheagrán de i 1999. Ligeadh dó dul as cló ach tá leagan leictreonach le fáil anseo.

Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (The Christian Brothers’ Grammar) was first published in 1960 and a new edition appeared in 1999. It’s no longer in print but an electronic version of the book is available here.

Is féidir an focal atá ag teastáil uait a lorg trí “Ctrl” agus “F” ar do mhéarchlár a úsáid. Coinnigh síos “Ctrl” le d’ordóg chlé ansin brúigh an eochair “F” uair amháin chun tús a chur le cuardach.

You can search for the word you require by using the “Ctrl” and “F” keys on your keyboard. Hold down the “Ctrl” key with your left thumb and then press the “F” key once to begin a search.

Suíomh an Choimisiúin Eorpaigh

Tá neart áiseanna tagartha eile le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. Chun cuairt a thabhairt ar an suíomh, cliceáil anseo.

Foclóir Gaedhilge agus Béarla Dinneen

Tá leagan iomlán inchuardaithe de Foclóir Gaedhilge agus Béarla / An Irish‑English Dictionary le Patrick Dinneen le fáil ar líne. Chun teacht air, cliceáil anseo. Measann go leor daoine go bhfuil an foclóir seo, a foilsíodh go luath san aois seo caite, ar cheann de na cinn is fearr a cuireadh ar fáil riamh sa Ghaeilge. Tá go leor focal agus sainmhínithe ann nach bhfuil teacht orthu sna foclóirí Gaeilge eile. Seo an iontráil maidir leis an bhfocal “iarmhaireacht”, cuir i gcás:

Raidió na Life

Is stáisiún raidió pobail lán‑Ghaeilge é Raidió na Life atá ag craoladh i gceantar Bhaile Átha Cliath ó bhí 1993 ann. Bíonn meascán bríomhar de stíleanna éagsúla ceoil le cloisteáil ar an stáisiún agus cláir ag baint le réimsí difriúla, na cinn seo ina measc: ceol, spórt, cúrsaí cultúrtha, cúrsaí reatha agus nuacht. Chun teacht ar phodchraoltaí Raidió na Life, cliceáil anseo.

Raidió na Life is an all‑Irish community radio station which has been broadcasting in the Dublin area since 1993. There’s a lively mix of various styles of music on the station, as well as programmes relating to a variety of areas, including music, sport, cultural and current affairs, and news. To access Raidió na Life’s podcasts, click here.

Faoi láthair, tá Raidió na Life ag craoladh seacht lá na seachtaine ag na hamanna seo: Dé Luain go dtí Dé hAoine, 08:00-04:00; an lá ar fad Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Is féidir éisteacht leis an stáisiún beo ar líne ag raidionalife.ie.

Raidió na Life currently broadcasts seven days of the week at the following times: Monday to Friday, 08:00-04:00; all day Saturday and Sunday. You can listen to the station live online at raidionalife.ie.

Raidió Fáilte

Is stáisiún raidió pobail lán‑Ghaeilge é Raidió Fáilte atá lonnaithe i mBéal Feirste. Chomh maith le ranganna Gaeilge, craolann Raidió Fáilte ceol de gach cineál, ceol traidisiúnta agus ceol Ceilteach san áireamh. Nuair a osclóidh tú leathanach baile an stáisiúin, cloisfidh tú an clár atá ar an aer ag an am sin. Brúigh an cnaipe “Sceideal” ag barr an leathanaigh le teacht ar liosta de chláir an stáisiúin.

Raidió Fáilte is an all‑Irish community radio station based in Belfast. As well as Irish classes, Raidió Fáilte broadcasts all types of muisc, including traditional and Celtic muisc. When you open the station’s homepage, you will hear the programme which is being aired at that time. Click on the “Sceideal” button at the top of the screen to access a list of the station’s programmes.

Raidió Rí‑Rá

Is cairt‑stáisiún ceoil é Raidió Rí‑Rá atá ag craoladh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Seinneann siad amhráin mhóréilimh chomh maith leis an nuacht is déanaí a chur ar fáil faoi chúrsaí popcheoil agus faoi cheolchoirmeacha, agus bíonn Top 40 oifigiúil na hÉireann le cloisteáil gach oíche ar 6.00 p.m. Tá Raidió Rí‑Rá ag craoladh ar an idirlíon ó bhí 2008 ann agus tugtar 35,000 cuairt ar an suíomh gach aon mhí.

bungobarr3

 

Bun Go Barr 3